Moodle a Shuiteáil

Míníonn an treoir seo cén chaoi le Moodle a shuiteáil don chéad uair. Tá mionsonraí ann maidir le roinnt de na céimeanna, le go gclúdófaí an réimse éagsúlachtaí idir cumraíocht freastalaithe gréasáin, agus mar sin b'fhéidir go bhfuil cuma fada casta ar an doiciméad seo. Ná bí buartha faoi seo - de ghnáth suiteáilim-se Moodle laistigh dechúpla nóiméad!

Tóg do amagus déan do bhealach tríd an doiciméad seo go cúramach - sábháilfidh sé am ort ar ball.

Rannóga sa doiciméad seo:

  1. Riachtanais
  2. Íoslódáil
  3. Struchtúr an tSuímh
  4. Cruthaigh comhadlann sonraí
  5. Cruthaigh bunachas sonraí
  6. Seiceáil cumraíocht an fhreastalaí gréasáin
  7. Eagraigh config.php
  8. Téigh go dtí an leathanach riaracháin
  9. Cumraigh cron
  10. Cruthaigh cúrsa nua
 

1. Riachtanais

Forbraíodh Moodle go príomha i Linux ag úsáid Apache, MySQL agus PHP (ar a tugtar uaireanta ardán LAMP), ach tástáiltear go rialta é le PostgreSQL agus ar chórais oibriúcháin Windows XP, Mac OS X agus Netware 6.

Is iad seo a leanas na riachtanais le haghaidh Moodle:

  1. Bogearra freastalaí gréasáin. Úsáideann an chuid is mó de dhaoine Apache, ach ba cheart go bhfeidhmeodh Moodle go breá faoi aon fhreastalaí gréasáin a thacaíonn le PHP, ar nós IIS ar ardáin Windows.
  2. Teanga Scripte PHP (leagan 4.1.0 nó níos nua), leis na socraithe seo:
    • Leabharlann GD LASTA, le tacaíocht do fhormáidí JPG agus PNG
    • Leabharlann zlib LASTA (más mian leat cúltaca/athchur a úsáid ar Windows)
    • Tacaíocht seisiún LASTA
    • Uaslódáil comhad LASTA
    • Modh Slán MÚCHTA (féach na fóraim ar moodle.org maidir le fadhbanna a chothaíonn Modh Slán)
  3. freastalaí infheidhme do bhunachair sonraí: Tacaítear go hiomlán le MySQL nó le PostgreSQL agus moltar iad lena n-úsáid le Moodle 1.1. Tacófar go hiomlán le gach bunachar sonraí eile sa chéad eisiúint eile.
Tugann formhór óstaigh gréasán tacaíocht dó seo ar fad mar réamhshocrú. Má tá síntiús agatsa le ceannn den bheagán nach ndéanann, fiafraigh díobh cén fáth agus cuimhnigh ar do ghnó a aistriú go áit éigin eile.

Más mian leat Moodle a rith ar do ríomhaire féin ach má bhreathnaíonn sé cineál treascrach, breathnaigh ar ár dtreoir: Apache, MySQL agus PHP a shuiteáil. Tá treoracha céim-ar-chéim ann le é seo a shuiteáil ar formhór na n-ardán aitheanta.

 

2. Íoslódáil

Tá dhá bhealach ann le Moodle a fháil, mar phacáiste comhbhrúite agus trí CVS. Mínítear go beacht iad seo ar an leathanach íoslódála: http://moodle.org/download/

Tar éis an cartlann a íoslódáil agus a dhíphacáil, nó tar éis na comhaid a dhíchlárú chuig do ríomhaire trí CVS, beidh comhadlann agat agus "moodle" mar ainm air, inabhfuil líon áirithe comhad agus fillteán.

Féadfaidh tú an fillteán ar fad a chur i do chomhadlann doiciméad ar do fhreastalaí gréasáin, sa chaoi is go mbeidh an suíomh lonnaithe ag http://dofhreastalaigreasain.com/moodle, nó féadfaidh tú an t-ábhar ar fad a chóipeáil díreach isteach sa chomhadlann doiciméad ar an bpríomhfhreastalaí, sa chaoi is gur http://dofhreastalaigreasain.com a bheidh i do shuíomh.

 

3. Struchtúr an tSuímh

Seo achoimhre tapa den ábhar atá sa bhfillteán Moodle, le cuidiú leat do bhealach a aimsiú:
config.php - an T-AON chomhad ar gá duit eagar a chur air le tosú
version.php - sainmhíníonn sé an leagan reatha de chód Moodle
index.php - leathanach tosaigh an tsuímh  

4. Cruthaigh comhadlann sonraí

Beidh spás ag teastáil freisin ó Moodle ar do dhiosca crua le comhaid uaslódáilte a stóráil, ar nós doiciméid chúrsa agus pictiúir úsáideora.

Cruthaigh comhadlann chuige seo in áit éigin. Ar mhaithe le slándáil, is fearr NACH mbeadh an comhadlann seo inrochtana ón ngréasán. An bealach is éasca é seo a dhéanamh ná é a chur TAOBH AMUIGH den chomhadlann gréasáinm seachas sin cosain é trí chomhad a chruthú sa chomhadlann sonraí ar a dtugtar .htaccess, agus an líne seo ann:

deny from all
Lena dhearbhú gur féidir le Moodle comhaid uaslódáilte a shábháil sa chomhadlann seo, seiceáil go bhfuil cead ag bogearra an fhreastalaí gréasáin (msh Apache) scríobh chuig an gcomhadlann seo. Ar mheaisín Unix, ciallaíonn sé seo gur gá úinéara na comhadlanna a shocrú mar rud éigin ar nós "duinearbith" nó "apache".

On many shared hosting servers, you will probably need to restrict all file access to your "group" (to prevent other webhost customers from looking at or changing your files), but provide full read/write access to everyone else (which will allow the web server to access your files). Speak to your server administrator if you are having trouble setting this up securely.

 

5. Cruthaigh bunachar sonraí

Ní mór duit bunachar sonraí folamh a chruthú (msh "moodle") i do chóras bunachair sonraí maraon le húsáideoir speisialta (msh "moodleusaideoir") a bhfuil rochtain acu ar an mbunachar sin (agus ar an mbunachar sin amháin). D'fhéadfá an "fréamh" úsáideoir a úsáid dá mba mhian leat, ach ní moltar é seo do chóras táirgíochta: má éiríonn le bradaithe an pasfhocal a aimsiú bheadh do chóras bunachair sonraí iomlán i bpriacail , seachas díreach bunachar sonraí amháin.

Línte orduithe samplacha do MySQL:

   # mysql -u root -p
   > CREATE DATABASE moodle; 
   > GRANT SELECT,INSERT,UPDATE,DELETE,CREATE,DROP,INDEX,ALTER ON moodle.* 
           TO moodleuser@localhost IDENTIFIED BY 'yourpassword'; 
   > quit 
   # mysqladmin -p reload
Línte orduithe samplacha do PostgreSQL:
   # su - postgres
   > psql -c "create user moodleuser createdb;" template1
   > psql -c "create database moodle;" -U moodleuser template1
   > psql -c "alter user moodleuser nocreatedb;" template1
(Le MySQL molaim go hard go n-úsáidfí phpMyAdmin le do bhunachair sonraí a bhainistiú - féadfaidh tú é seo ar fad a dhéanamh trí chomhéadan gréasáin).

Ó leagan 1.0.8 i leith, tacaíonn Moodle anois le réimíreanna tábla, agus mar sin is féidir bunachar sonraí a roinnt go slán le táblaí ó fheidhmchláir eile.

 

6. Seiceáil cumraíocht do fhreastalaí gréasáin

Ar dtús cinntigh go bhfuil do fhreastalaí gréasáin socraithe le index.php a úsáid mar leathanach réamhshocraithe (b'fhéidir anuas ar index.html, default.htm agus araile).

In Apache, déantar é seo trí pharaiméadar DirectoryIndex a úsáid i do chomhad httpd.conf. Breathnaíonn mo cheann-sa mar seo de ghnáth:

DirectoryIndex index.php index.html index.htm
Níl agat ach a bheith cinnte go bhfuil index.php sa liosta (agus is fearr é a bheith i dtreo a thús, ar mhaithe le héifeachtacht).

Sa dara háit, má tá Apache 2 á úsáid agat, ba cheart duit an t-athróg AcceptPathInfo a lasadh, rud a cheadaíonn go gcuirfí argóintí ar nós http://server/file.php/arg1/arg2 chuig scripteanna. Tá sé seo eisintiúil le nascanna comhghaolmhara a cheadú idir do chuid acmhainní, agus cuireann sé feabhas ar an bhfeidhmíocht do dhaoine atá ag úsáid do shuímh gréasáin Moodle. Féadfaidh tú é seo a lasadh trí na línte seo a chur le do comhad httpd.conf.

AcceptPathInfo on
Sa tríú háit, ní mór go mbeadh líon áirithe socruithe PHP gníomhach le go n-oibreoidh Moodle. Ar an gcuid is mó de fhreastalaithe is iad seo na réamhshocruithe. Ach d'fhéadfadh rudaí a bheith socraithe go héagsúil ag roinnt freastalaithe PHP, áfach, (agus roinnt de na leaganach is nua de PHP). Sainmhínitear iad seo i gcomhad cumraíochta PHP (de ghnáth php.ini):
magic_quotes_gpc = 1    (preferred but not necessary)
magic_quotes_runtime = 0    (necessary)
file_uploads = 1
session.auto_start = 0
session.bug_compat_warn = 0
Muna bhfuil teacht agat ar httpd.conf nó ar php.ini ar do fhreastalaí, nó má tá Moodle agat ar fhreastalaí le fheidhmchláir eile a éilíonn socruithe éagsúla, ná bí buartha, féadfaidh tú fós na réamhshocruithe ar fad A SHÁRÚ.

Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit comhad a chruthú darb ainm .htaccess sa phríomhchomhadlann ag Moodle ina bhfuil sainmhínithe ar na socraithe seo. Ní oibríonn sé seo ach amháin ar fhreastalaithe Apache agus nuair a ceadaítear sárú amháin.

DirectoryIndex index.php index.html index.htm

<IfDefine APACHE2>
     AcceptPathInfo on
</IfDefine>

php_flag magic_quotes_gpc 1
php_flag magic_quotes_runtime 0
php_flag file_uploads 1
php_flag session.auto_start 0
php_flag session.bug_compat_warn 0
Féadfaidh tú rudaí a dhéanamh, freisin, ar nós uasmhéid a chruthú do chomhaid uaslódáilte:
LimitRequestBody 0
php_value upload_max_filesize 2M
php_value post_max_size 2M
An rud is éasca le déanamh ná an comhad samplach a chóipeáil ó lib/htaccess agus eagar a chur air lena chur in oiriúint duit féin. Tá treoracha breise ann. Mar shampla, i mblaosc Unix:
cp lib/htaccess .htaccess
 

7. Eagraigh config.php

Féadfaidh tú anis an comhad cumraíochta, config.php, a eagrú le heagarthóir téacs. Úsáideann gach comhad eile i Moodle an comhad seo.

Mar thús, déan cóip de config-dist.php agus glaoigh config.php air. Déanann muid é seo le nach scríobhfar thar do config.php sa chás go ndéanann tú uasghrádú ar Moodle ar ball.

Eagraigh config.php le go sonrófar na mionsonraí bunachair sonraí atá díreach sainmhínithe agat (agus réimír táblaí san áireamh - tabhair faoi deara go bhfuil sé seo RIACHTANACH le haghaidh PostgreSQL), maraon le seoladh an tsuímh, comhadlann córais comhaid agus comhadlann bunachair sonraí. Tá treoracha agus samplaí mionsonrúla ag an gcomhad config é féin.

Nuair a bhíonn an méid seo déanta agat, is trí chomhéadan gréasáin a déantar an chuid eile den suiteáil. Don chuid eile den doiciméad suiteála seo glacfaimid leis go bhfuil do shuíomh lonnaithe ag: http://sampla.com/moodle

 

8. Téigh go dtí an leathanach riaracháin

Ba cheart don leathanach riaracháin a bheith ag feidhmiú anois ag: http://sampla.com/moodle/admin. Má thriaileann tú teacht ar leathanach tosaigh do shuímh tabharfar ansin go huathoibríoch tú ar aon nós. An chéad uair a théann tú chuig an leathanach riaracháin seo, gheodhaidh tú comhaontú GPL "scannán cumhdaithe" (shrinkwrap) nach mór duit aontú leis sular féidir leat leanúint leis an suiteáil.

(Déanfaidh Moodle iarracht freisin fianáin a shocrú i do bhrabhsálaí. Má tá do bhrabhsálaí socraithe agatsa le rogha a thabhairt glacadh le fianáin nó gan glacadh leo, caithfidhtú glacadh le fianáin Moodle, nó ní fheidhmeoidh Moodle i gceart.)

Anois tosóidh Moodle ag suiteáil do bhunachair sonraí agus ag cruthú táblaí le sonraí a stóráil. Ar dtús cruthófar na príomhtháblaí bunachair sonraí. Ba cheart go bhfeicfeá líon áirithe ráiteas SQL agus, ina ndiaidh sin, teachtaireachtaí stádais (i uaine nó i ndearg) a bhreathnóidh mar seo:

CREATE TABLE course ( id int(10) unsigned NOT NULL auto_increment, category int(10) unsigned NOT NULL default '0', password varchar(50) NOT NULL default '', fullname varchar(254) NOT NULL default '', shortname varchar(15) NOT NULL default '', summary text NOT NULL, format tinyint(4) NOT NULL default '1', teacher varchar(100) NOT NULL default 'Teacher', startdate int(10) unsigned NOT NULL default '0', enddate int(10) unsigned NOT NULL default '0', timemodified int(10) unsigned NOT NULL default '0', PRIMARY KEY (id)) TYPE=MyISAM

SUCCESS

...agus mar sin de, á leanúint ag: Main databases set up successfully.

Muna bhfeiceann tú iad seo, caithfidh go raibh fadhbanna ann leis an mbunachar sonraí nó leis na socruithe cumraíochta a shainmhínigh tú i config.php. Seiceáil nach bhfuil PHP i "Modh Slán" srianta (uaireanta bíonn modh slá lasta ag óstaigh tráchtála gréasáin). Féadfaidh tú athróga PHP a sheiceáil trí chomhad beag ina bhfuil <? phpinfo() ?> a chruthú agus breathnú ar trí bhrabhsálaí. Seiceáil iad seo ar fad agus triail an leathanach seo arís.

Scrollaigh síos go bun ar fad an leathanaigh agus brúigh ar an nasc "Ar Aghaidh".

Ansin ba cheart go bhfeicfeá leathanach cosúil leis a shocraíonn na táblaí ar fad atá ag teastáil ó gach modúl Moodle. Faoi mar a bhí cheana, ba cheart go mbeidís uaine.

Scrollaigh síos go bun ar fad an leathanaigh agus brúigh ar an nasc "Ar Aghaidh".

Ba cheart anois go bhfeicfeá foirm inar féidir leat tuilleadh athróga cumraíochta a shainiú do do shuiteáil, ar nós an teanga réamhshocraithe, óstaigh SMTP agus araile. Ná bí ró-bhuartha faoi gach rud a bheith díreach ceart anois - féadfaidh tú i gcónaí teacht ar ais agus iad seo a athrú leis an gcomhéadan riaracháin. Scrollaigh síos go dtí an bun agus cliceáil ar "Sábháil Athruithe".

Sa chás go bhfuil tú ag éirí greamaithe ar an leathanach seo (agus sa chás seo amháin), gan a bheith in ann leanúint, b'fhéidir go bhfuil fadhb "an tagróra fabhtaigh" agat, mar a ghlaoimse air. Tá sé éasca é seo a dheisiú: múch an socrú "secureforms", agus ansin déan iarracht eile leanúint ar aghaidh.

Foirm atá sa chéad leathanach eile inar féidir leat paraimadair a shainiú do do shuíomh Moodle agus don leathanach tosaigh, ar nós an t-ainm, formáid, cur síos, agus araile. Líon amach é seo (féadfaidh tú i gcónaí teacht ar ais agus iad seo a athrú ar ball) agus brúigh "Sábháil athruithe".

Ar deireadh, iarrfar ort úsáideoir ardleibhéil a chruthú le haghaidh rochtana ar an leathanach riaracháin sa todhchaí. Cuir isteach do chuid sonraí féin, do r-phost, srl agus cliceáil ar "Sábháil athruithe". Ní na réimsí ar fad riachtanach, ach má fhágann tú glan aon cheann tábhachtach tabharfar leid eile duit dóibh.

Bí cinnte go gcuimhníonn tú ar an ainm úsáideora agus an pasfhocal a roghnaíonn tú don chuntas riarthóra, ós rud é go mbeidh siad riachtanach le teacht ar an leathanach riaracháin sa todhchaí.
(Má idirbhristear an suiteáil ar chúis ar bith, nó má tá earráid córais éigin ann a choinníonn tú ó logáil isteach leis an gcuntas riarthóra, féadfaidh tú de ghnáth logáil isteach leis and ainm úsáideora réamhshocraithe "admin", leis an bpasfhocal "admin".)

Ó éiríonn leat, cuirfear ar ais chuig leathanach baile do shuímh tú. Tabhair faoi deara na nascanna riaracháin atá ar thaobh clé an leathanaigh (léirítear chomh maith iad seo ar leathanach ar leith Riaracháin) - féadfaidh tusa iad seo a fheiceáil toisc go bhfuil tusa logáilte isteach mar riarthóir. Féadfaidh tú an riarachán ar fad Moodle amach anseo a dhéanamh tríd an roghchlár seo anois, ar nós:

 

9. Cumraigh cron

Tá seiceáil rialta ag teastáil ó roinnt de mhodúil Moodle le tascanna a chur i bhfeidhm. Mar shampla, ní mór do Moodle fóraim plé a sheiceáil le gur féidir leis cóipeanna den phost is déanaí a sheoladh chuig daoine atá liostáilte.

Tá an script a chuireann é seo i gcrích lonnaithe sa chomhadlann riaracháin agus cron.php an t-ainm atá air. Ní féidir leis é féin a rith áfach agus mar sin ní mór meicníocht a shocrú le go ritear an script seo go rialta (msh gach cúig nó deich nóiméad). Cruthaíonn sé seo "buille croí" le go gcuirfidh an script feidhmeanna i gcrích ag tréimhsí a sainítear le gach modúl.

Tabhair faoi deara nach gá gurb í an mheaisín chéanna ar a ritheann Moodle agus a chuireann cron i gcrích. Mar shampla, má tá seirbhís srianta óstaíochta gréasáin agat nach bhfuil cron aige, d'fhéadfá, dá mba mhian leat, cron a rith ar fhreastalaí eil nó ó do ríomhaire baile. An t-aon rud atá tábhachtach ná go nglaofaí ar an gcomhad cron.php go rialta.

Níl ualach na scripte seo ró-mhór, agus más sea tá 5 nóiméad réasúnta go leor, ach má tá tú buartha faoi, féadfaidh tú an t-amthréimhse a laghdú go 15 nóiméad nó fiú go 30 nóiméad. Is fearr gan an tréimhse a bheith ró-fhada, toisc go moillítear gníomhaíocht ar an gcúrsa nuair a cuirtear moill ar fhógraí r-phoist.

Ar dtús, tástáil go bhfuil an script ag feidhmiú i gceart trí é a rith go díreach ó do bhrabhsálaí:

http://sampla.com/moodle/admin/cron.php
Anois, teastaíonn bealach uait leis an script a rith go huathoibríoch agus go rialta.

An script a rith ó líne na n-orduithe

Féadfaidh tú an leathanach a ghlaoch ó línena n-orduithe faoi mar a rinne tú sa sampla thuas. Mar shampla, féadfaidh tú áirge Unix a úsáid ar nós 'wget':
wget -q -O /dev/null http://sampla.com/moodle/admin/cron.php
Tabhair faoi deara sa sampla seo go gcaitear amach an t-aschur (to /dev/null).

An rud céanna ag úsáid lynx:

lynx -dump http://sampla.com/moodle/admin/cron.php > /dev/null
Mar mhalairt ar seo, d'fhéadfá leagan aonair de PHP a úsáid, tiomsaithe le rith ar líne na n-orduithe. Is é an buntáiste a bhaineann leis seo ná nach mbíonn logaí do fhreastalaí gréasáin lán le hiarratais rialta ar cron.php. Is é an míbhuntáiste ná go gcaithfidh tú rochtain a bheith agat ar leagan líne na n-orduithe de php.
/opt/bin/php /web/moodle/admin/cron.php


(Windows) C:\apache\php\php.exe C:\apache\htdocs\moodle\admin\cron.php

An script a rith go huathoibríoch gach 5 nóiméad

Ar chórais Unix: Úsáid cron. Eagraigh do shocraithe cron ón líne orduithe ag úsáid "crontab -e" agus líne a chur leis ar nós:
*/5 * * * * wget -q -O /dev/null http://sampla.com/moodle/admin/cron.php
De ghnáth cuirfidh an t-ordú "crontab" isteach san eagarthóir 'vi' tú. Iontrálann tú "modh ionsá" trí "i" a bhrú, agus ansin an líne a chló mar atá thuas, ansin fág modh ionsá trí ESC a bhrú. Sábháil agus fág trí ":wq" a chló, nó fág gan sábháil trí ":q!" a úsáid (gan na comharthaí athfhriotail).

Ar chórais Windows: An bealach is éasca ná an pacáiste beag seo a úsáid moodle-cron-for-windows.zip, rud a dhéanann gach rud an-éasca. D'fhéadfá breathnú freisin ar ghné de Windows le haghaidh "Scheduled Tasks".

Ar óstaigh gréasán: D'fhéadfadh go mbeadh leathanach gréasáin ar do phainéal rialúcháin gréasán-bhunaithe a ligean duit an próiseas cron a shocrú. Fiafraigh de do riarthóir cé mar a oibríonn sé.

10. Cruthaigh cúrsa nua

Anois ó tá Moodle ag rith i gceart, féadfaidh tú cúrsa a chruthú.

Roghnaigh "Cruthaigh cúrsa nua" ón leathanach Riaracháin (nó ó na nascanna riaracháin ar an leathanach baile).

Líon amach an fhoirm, ag tabhairt aird ar leith ar fhormáid an chúrsa. Ní gá duit a bheith buartha faoi na mionsonraí ag an staid seo - féadfaidh an múinteoir gach rud a athrú ar ball.

Brúigh ar "Sábháil athruithe", agus tabharfar tú chuig foirm nua áit ar féidir leat múinteoirí a shannadh leis an gcúrsa. Ní fhéadfaidh tú ach cuntais úsáideora atá ann cheana a chur leis an bhfoirm seo - más mian leat cuntasnua múinteora a chruthú iarr ar an múinteoir cuntas a chruthú dóibh féin (féach an leathanach logála), nó cruthaigh ceann dóibh trí "Cuir úsáideoir nua leis" ar an leathanach Riaracháin.

É sin déanta, tá ancúrsa réidh lena oiriúnú, agus is féidir teacht air tríd an nasc "Cúrsaí" ar an leathanach baile.

Féach "Leabhrán an Mhúinteora" le haghaidh níos mó eolais faoi chúrsaí a chruthú.

 
Doiciméid Moodle
Leagan: $Id: install.html,v 1.17 2003/10/01 18:00:40 moodler Exp $