Lámhleabhar an Mhúinteora

Treoir an-tapa is ea an leathanach seo le cúrsaí a chruthú ar-líne le Moodle. Tugtar imlíne ann ar na príomhfheidhmeanna atá ar fáil, maraon le roinnt de na príomhchinnidh a bheidh ort a dhéanamh.

Rannóga sa doiciméad seo:

  1. Ag tosú
  2. Socruithe an chúrsa
  3. Comhaid a uaslódáil
  4. Gníomhaíochtaí a shocrú
  5. An cúrsa a rith
  6. A thuilleadh eolais

Ag tosú

Glacann an doiciméad seo leis go bhfuil Moodle socraithe ag riarthóir an tsuímh agus gur thug siad cúrsa nua, glan duit le tosú air. Glactar leis chomh maith go bhfuil tú logáilte isteach ar do chúrsa trí do chuntas múinteora.

Seo trí nod ginearálta le cabhrú leat tosú.

  1. Ná bíodh faitíos ort triail a bhaint as rudaí:
  2. Tá tú saor le breathnú thart agus le rudaí a athrú. Tá sé an-deacair aon rud a bhriseadh ar chúrsa Moodle, agus fiú má dhéanann, de ghnáth tá sé éasca é a dheisiú.
  3. Tabhair faoi deara agus úsáid na deilbhíní beaga seo:
  4.  edit - ligeann an deilbhín eagarthóireachta duit eagar a chur ar pé rud atá in aice leis.

    help - cuireann an deilbhín cabhrach fuinneog cabhrach ar fáil duit.

     hide - ligeann an deilbhín súil-ar-oscailt duit rud a cheilt ó mhic léinn

     show - cuireann an deilbhín súil-dúnta rud atá faoi cheilt ar fáil

  5. Úsáid an barra nascleanúna ag barr gach leathanach
  6. cabhróidh sé seo leat cuimhniú cá bhfuil tú agus gan dul ar strae.
 

Socruithe an chúrsa

An chéad rud ba cheart duit a dhéanamh ná breathnú faoi "Riarachán" ar leathanach baile do chúrsa agus cliceáil ar "Socruithe..." (Tabhair faoi deara nach bhfuil an nasc seo, agus go deimhin an rannóg iomlán Riaracháin, ar fáil ach duitse (agus do riarthóir an tsuímh). Ní fheicfidh na mic léinn na nascanna seo fiú.

Ar leathanach na Socruithe féadfaidh tú roinnt de na socruithe do do chúrsaa athrú, óna ainm go dtí an lá ar a dtosaíonn sé. Ní labhróidh mé anseo fúthu sin ar fad, ós rud é go bhfuil deilbhín cabhrach in aice leo ar fad a mhíníonn go beacht iad. Mar sin féin, labhróidh mé faoin ngné is tábhachtaí díobh seo - formáid an chúrsa.

Socróidh an fhormáid a roghnaíonn tú don chúrsa an leagan amach bunúsach a bheidh air, mar a dhéanfadh teimpléad. Tá trí fhormáid le Moodle leagan 1.0 - gach seans go mbeidh i bhfad níos mó ann sa todhchaí (seol smaointe nua chuig martin@moodle.org, le bhur dtoil!)

Seo léiriú scáileáin de chúrsaí samplacha i ngach ceann den trí fhormáid (déan neamhaird de na dathanna éagsúla, rud a shocraíonn riarthóir an tsuímh don suíomh iomlán):

Formáid sheachtainiúil:

weekly

 

Formáid ábhair:

topics

 

Formáid shóisialta:

social

 

Tabhair faoi deara go bhfuil na formáidí seachtainiúil agus ábhair an-chosúil ó thaobh struchtúir de. An príomhdhifríocht ná go gclúdaíonn gach bosca seachtain go díreach sa bhformáid sheachtainiúil, agus sa bhformáid ábhair go gclúdaíonn bosca pé rud is mian leat. Ní úsáideann an fhormáid shóisialta mórán inneachair ar chor ar bith agus bunaítear é timpeall ar fhóram amháin - léirítear é seo ar an bpríomhleathanach.

Féach na cnaipí cabhrach ar an leathanach Socruithe an Chúrsa le haghaidh a thuilleadh sonraí.

 

Comhaid a uaslódáil

B'fhéidir go bhfuil ábhar agat cheana ba mhaith leat a chur le do chúrsa, ar nós leathanaigh gréasán, comhaid fuaime, comhaid físe, doiciméid Word nó beochan flash. Is féidir gach cineál comhaid a uaslódáil chuig do chúrsa agus a stóráil ar an bhfreastalaí. Agus do chomhaid ar an bhfreastalaí féadfaidh tú iad a bhogadh, a athainmniú, a eagrú nó iad a scrios.

Déantar é seo ar fad tríd an nasc Comhaid ar do roghchlár Riaracháin. Tá cuma mar seo ar an rannóg Comhaid:

files

 

Níl an comhéadan seo ar fáil ach do Mhúinteoirí - ní féidir le mic léinn teacht air. Cuirtear comhaid indibhidiúla ar fáil do mhic léinn ar ball (mar "Acmhainní" - féach an chéad rannóg eile).

Mar atá le feiceáil ón léiriú scáileáin, liostáiltear comhaid le fochomhadlanna. Féadfaidh tú líon ar bith fochomhadlanna a chruthú le do chuid comhad a choinneáil in ord, agus féadfaidh tú na comhaid a bhogadh ó cheann go ceann.

Tá srian ar uaslódáil comhad faoi láthair - ceann ag an am a ceadaítear. Más mian leat líon mór comhad a uaslódáil san aon turas (mar shampla, suíomh gréasáin iomlán), tá sé i bhfad níos éasca zipchlár a úsáid le iad a chomhbhrú isteach i gcomhad amháin, uaslódáil an zipchomhad, agus ansin dízipeáil arís iad ar an bhfreastalaí (feicfidh tú nasc "dízipeáil" in aice leis na zipchartlanna).

Le réamhamharc a fháil ar aon chomhad a uaslódáil tú, cliceáil ar a ainm. Déanfaidh do bhrabhsálaí an gnó cuí trí é a oscailt nó é a íoslódáil chuig do ríomhaire.

Is féidir comhaid HTML agus téacs a eagrú san áit ina bhfuli siad ar líne. Beidh gá comhaid eile a eagrú ar do ríomhaire agus iad a uaslódáil arís. Má uaslódáileann tú comhad leis an ainm céanna atá ag comhad atá ann cheana cóipeáilfar anuas air go huathoibríoch.

Nóta deiridh: más ar an ngréasán atá do chuid ábhair ní gá duit na comhaid a uaslódáil arr chor ar bith - féadfaidh tú nasc a chothú chucu go díreach ón gcúrsa (féach an modúl Acmhainní agus an chéad rannóg ele).

 

Gníomhaíochtaí a shocrú

Le cúrsa a thógáil, cuirtear modúil gníomhaíochta an chúrsa leis an bpríomhleathanach san ord ina n-úsáidfidh mic léinn iad. Féadfaidh tú an t-ord a shuaitheadh amar bith is mian leat.

Le eagarthóireacht a lasadh, cliceáil "Las eagarthóireacht" faoi Riarachán. Léiríonn nó cealaíonn an lasc scoránaithe seo na rialúcháin bhreise a ligean duit príomhleathanach do chúrsa a ionramháil. Tabhair faoi deara sa léiriú thuas (ar an gcúrsa i bhformáid Sheachtainiúil) go bhfuil na rialúcháin eagarthóieachta lasta.

Le gníomhaíocht nua a chur isteach, téigh chuig an seachtain, nó an t-ábhar nó an rannóg ar an scáileán, agus roghnaigh an cineál gníomhaíochta atá uait ón roghchlár aníos. Seo achoimre ar na gníomhaíochtaí caighdeánacha ar fad atá i Moodle 1.0:

Tasc
Is é atá i Tasc ná nuair a shocraíonn tú tasc le spriocdháta agus le huasghrád. Beidh mic léinn in ann comhad amháin a uaslódáil leis na riachtanais a shásamh. Coinnítear taifead den dáta ar uaslódáil siad an comhad. Ina dhiaidh, beidh leathanach amháin agatsa ar ar féidir leat breathnú ar gach comhad (agus chomh luath nó mall is atá sé), agus ansin grád agus imchaint a thaifead. Leathuair tar éis duit grád a bhronnadh ar aon mhac léinn, seolfaidh Moodle r-phost go huathoibríoch chuig an mac léinn á fhógairt sin.

Rogha
Tá gníomhaíocht rogha an-simplí - cuireann tú ceist agus sonraíonn tú rogha freagraí. Féadfaidh mic léinn a rogha a dhéanamh, agus tá scáileán tuairisce agatsa áit a fheiceann tú na torthaí. Úsáidim féin é le toiliú taighde a bhailiú ó mo mhic léinn, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh vótaíocht ranga nó a leithéid freisin.

Fóram
Is é seo cinnte an ceann is tábhachtaí - is anseo a tharlaíonn plé. Nuair a chuireann tú isteach fóram nua, tabharfar rogha duit idir cineálacha éagsúla - plé simplí aon-ábhair, fóram ginearálta saor do gach duine, nó snáithe-amháin-plé-an-úsáideoir.

Iriseán
Iontráil in Iriseán an chúrsa is ea gach gníomhaíocht iriseáin. Do gach ceann, féadfaidh tú ceist oscailte a shonraí a stiúrann an t-ábhar a scríobhann mic léinn, chomh maith leis an bearna ama ina mbeidh an t-iriseán ar oscailt (formáid sheachtainiúil amháin). Riail ginearálta atá úsáideach is ea iriseán amháin sa seachtain a chruthú. Spreag mic léinn le go scríobhadh siad go smaointeach agus go criticiúil sna hiriseáin seo ós rud é nach bhfuil siad ar fáil ach dóibh féin agus duitse. Ina dhiaidh beidh tú in ann na hiontrálach ar fad don tseachtain sin a ghrádú agus trácht orthu, agus gheobhaidh mic léinn r-phost uathoibríoch ag fógairt do chuid aiseolais. Níor dearadh iriseáin le go gcuirfí leo go leanúnach - más mian leat é sin a dhéanamh, cuir isteach gníomhaíochtaí bhreise iriseán.

Acmhainn
Is iad na hacmhainní ábhar do chúrsa. D'fhéadfadh gurb é atá san acmhainn aon chomhad atá uaslódáilte agat nó ar féidir leat pointeáil chuig le URL. Féadfaidh tú leathanaigh simplí téacsbhunaithe a chothú freisin trí iad a chló go díreach isteach i bhfoirm.

Tráth na gCeist
Ligean an modúl seo duit tástálacha i bhfoirm tráth na gceist a dhearadh agus a shocrú. Is féidir ceisteanna a bheith ilroghnacha, fíor-bréagach, nó le freagraí gairide. Coinnítear na ceisteanna seo i mbunachar sonraí catagóirithe, agus is féidir iad a athúsáid laistigh de chúrsa nó fiú idir chúrsaí. Is féidir iarrachtaí iolracha a cheadú. Marcáiltear go huathoibríoch gach iarracht, agus is féidir leis an múinteoir roghnú ar mian leo aiseolas nó na freagraí cearta a thabhairt. Tá áiseanna grádála sa modúl seo.

Suirbhé
Tá uirlisí réamhshainithe suirbhé sa modúl suirbhé atá úsáideach le do rang a mheas agus a thuiscint. Faoi láthair tá na huirlisí COLLES agus ATTLS ina measc. Is féidir iad a thabhairt do na mic léinn go luath sa chúrsa mar uirlis dhiagnóiseach agus ag deireadh an chúrsa mar uirlis meastóireachta (bainimse leas as ceann gach seachtain i mo chuidse cúrsaí).
 

Tar éis duit do chuid gníomhaíochtaí a chur isteach, féadfaidh tú iad a bhogadh suas agus síos i leagan amach do chúrsa rí chliceáil ar na saigheada beaga (up down) in aice le gach ceann. Féadfaidh tú iad a scrios freisin trí dheilbhín na croise a úsáid delete, agus iad a atheagrú trí an deilbhín eagarthóireachta a chliceáil edit.

 

Ag rith an chúrsa

Tá plean mór againn cur leis an doiciméad seo le rang teagaisc cuimsitheach a dhéanamh de. Go dtí sin, seo cúpla smaoineamh:
  1. Liostáil d'ainm leis na fóraim ar fad le go mbeidh teagmháil rialta agat le gníomhaíocht do ranga.
  2. Spreag do mhic léinn le go líonaidís isteach a bpróifíl úsáideora (grianghrafanna san áireamh) agus léigh iad ar fad - cabhróidh sé seo le comhthéacs a thabhairt don mhéid a scríobhann siad ar ball, agus cuideoidh sé leat freagairt ar chaoi atá oiriúnach dá riachtanais.
  3. Coinnigh nótaí duit féin i "bhFóram na Múinteoirí" (faoi Riarachán) atá príobháideach. Tá sé seo an-úsáideach i gcás múinteoireachta buíne.
  4. Úsáid an nasc "Logaí" (faoi Riarachán) le rochtain a fháil ar logaí amha, iomlána. Istigh ansin feicfidh tú nasc chuig fuinneog a uasdhátaíonn gach seasca soicind agus a thaispeánann an uair an chloig dheiridh gníomhaíochta. Tá sé úsáideach é seo a choinneáil ar oscailt ar do dheascar feadh anlae le go n-aireoidh tú ceangal le gníomhaíocht laethúil an chúrsa.
  5. Úsáid na "Tuairiscí Gníomhaíochta" (in aice le gach ainm sa liosta daoine, nó ó aon leathanach próifíle úsáideora). Bealach iontach iad seo le feiceáil céard atá ar bun ag aon duine ar leith ar an gcúrsa.
  6. Tabhair freagra do do chuid mac léinn go tapa. Ná fág go dtí ar ball é - déan láithreach é. Ní hamháin go bhfuil sé éasca airechtáil plúchta leis an toirt a gintear, ach is gné ríthábhachtach é de sprid agus sódh chomhphobail a thógáil agus a chothú ar do chúrsa.
 

A thuilleadh eolais

Má bhíonn fadhb ar leith agat le do shuíomh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le riarthóir áitiúil do shuímh.

Má tá smaointe iontacha agat faoi cén chaoi le feabhas a chur ar Moodle, nó fiú roinnt scéalta maithe, tar anoon go moodle.org agus buail linn ar an gcúrsa "Using Moodle". Ba bhreá linn cloisteáil uait, agus is féidir leat cabhrú linn Moodle a fheabhsú.

Más mian leat bheith rannpháirteach i gcódú modúl nua, nó i scríobh na ndoiciméad, nó i scríobh altanna, déan teagmháil liomsa: Martin Dougiamas nó brabhsáil an suíomh "rianaitheoir fabhtanna" atá ag Moodle, ag moodle.org/bugs

Agus mar fhocal scoir, cuimhnigh na deilbhíní cabhrach a úsáid - seo innéacs de na comhaid chabhrach ar fad i Moodle.

Go raibh maith agat as Moodle a úsáid - agus go n-éirí le do chuid múinteoireachta!


 

Doiciméid Moodle

Version: $Id: teacher.html,v 1.4 2002/08/18 10:00:01 martin Exp $