Cúlra

Tá Moodle gníomhach agus á athchló i gcónaí. Chuir Martin Dougiamas tús leis an bhforbairt, agus is é atá i gceannas ar an tionscnamh i gcónaí:

Tá mé ag obair air bealach nó bealach eile leis na blianta. Thosaigh sé sna 90'daigh nuair a bhí mé i mo Mháistir Gréasáin ag Curtin University of Technology agus i mo riarthóir córais ar a n-insealbhú WebCT. Bhí bamba ag baint le WebCT agus chuir sé tochas orm nár mhór dom é a scríobadh - chaithfeadh sé go mbeadh bealach níos fearr ar fáil (ní hea, ní an Clár Dubh :-)

Tá aithne freisin agam ar líon mór daoine i scoileanna agus in institiúid bheaga (agus i roinnt cinn mhóra!) ar mhaith leo leas níos fearr a bhaint as an Idirlíon ach nach bhfuil a fhios acu cá dtosóidís - cuireann na teicneolaíochtaí agus na hoideolaíochtaí atá ar fáil mearbhall orthu. Bhí mé féin ag súil i gcónaí go mbeadh rogha éigin eile ar fáil, saor in aisce, le go bhféadfadh a leithéid sin de dhaoine a scileanna múinteoireachta a aistriú go timpeallacht ar líne.

Ag eascairt as mo chreideamh láidir sna féidearthachtaí neamhréadaithe a bhaineann le hoideachas Idirlín-bhunaithe, rinne mé Máistreacht agus ansin PhD san Oideachas, ag comhcheangal na gairme a bhí agam san Eolaíocht Ríomhaireachta le heolas nua  maidir le nadúr na foghlama agus na comhoibrithe. Tá tionchar ach go háirithe ag eipistéimeolaíocht thógálachais sóisialta orm - cur chuige a phléann le foghlaim, ní amháin mar ghníomh sóisialta, ach a dhíríonn aird freisin ar an bhfoghlaim a tharlaíonn agus duine go gníomhach ag tógáil ruda (mar shampla, téacs) a bheidh le feiceáil ag nó le húsáid ag daoine eile.

Tá sé rí-thábhachtach domsa go mbeadh an bogearra seo éasca le húsáid - ba cheart dó a bheith chomh hiomasach agus is féidir.

Tá geallta agam leanacht le mo chuid oibre ar Moodle agus é a choinneáil Oscailte agus Saor in Aisce. Tá creideamh domhain agam sa tábhacht a bhaineann le hoideachas éaguimsithe agus le múineadh cumhachtaithe, agus is é Moodle an príomhbhealach inar féidir liomsa mo chuid a dhéanamh ar mhaithe leis na spriocanna seo a chur i gcrích.

Cruthaíodh agus cuileáladh líon áirithe fréamhsamhlacha sular chuir sé leagan 1.0 ar fáil don domhan mór neamh-amhrasach ar an 20ú Lúnasa, 2002. Bhí an leagan seo dírithe ar ranganna beaga, caidreamhacha ag leibhéal na hOllscoile agus b'ábhar cás-staidéir taighde a bhí ann inar déanadh mionscrúdú ar nádúr an chomhoibrithe agus an mhachnaimh a bhí ar siúl sna grúpaí beaga seo de rannpháirtithe fásta.

Ó shin tá sruth rialta de leaganacha nua tagtha chun solais a bhfuil gnéithe nua ag baint leo, maraon le hinscálaitheacht atá níos fearr agus feidhmíocht fheabhsaithe.

Agus Moodle ag leathnú amach agus an comhphobal ag fás, tá ionchur á tharraingt ó réimse níos leithne daoine i raon leathan cineálacha múinteoireachta. Mar shampla, úsáidtear Moodle anois ní hamháin in Ollscoileanna ach i meánscoileanna, i mbunscoileanna, in eagraíochtaí seachbhrabúsacha, i gcomhlachtaí príobháideacha. Tá sé á úsáid freisin ag múinteoirí neamhspleácha agus fiú ag tuismitheoirí ag múineadh sa bhaile. Tá líon mór daoine ó gach cúinne den domhan ag cur le Moodle ar bhealaí éagsúla - le teacht ar níos mó sonraí maidir leis seo féach an leathanach Creidiúintí .

Gné tábhachtach de thionscnamh Moodle is ea láithreán gréasáin moodle.org , a sholáthraíonn lárionad eolais, plé agus comhoibrithe d'úsáideoirí Moodle, agus ina measc siúd riarthóirí córais, múinteoirí, taighdeoirí, dearthóirí oideasacha agus ar ndóigh forbróirí. Cosúil le Moodle féin, tá an suíomh seo ag éabhlóid i gcónaí le freastal ar riachtanais an chomhphobail, agus cosúil le Moodle, beidh sé Saor in Aisce i gcónaí.

I 2003, buaníodh an comhlacht moodle.com le tacaíocht bhreise tráchtála a sholáthar dóibh siúd a raibh sé uathu, maraon le bainistíocht óstála, comhairleoireacht agus seirbhísí eile.

Le teacht ar a thuilleadh eolais maidir le todhchaí Moodle, féach léarscáil ár dTodhchaí

.

Doiciméadú Moodle

Leagan: $Id$